Am Tae

Rud Nua

Údar: Barney
Dáta: 2022-12-28 17:12:46


Seo rud nua agus beidh sé ann.

Ba mhaith an rud nach raibh hata
orm. Bhí sé dorcha.

Pilleadh an Chait

Údar: Barney
Dáta: 2022-12-28 16:55:46


Chuir Pilleadh an Chait iontas orm
mar shíl mé nach dtiocfadh sé ar ais
choíche. Mar sin féin, tháinig sé ar
ais.

An oíche a dtáinig an cat ar ais, bhí
mé i mo shuí de chois na tineadh agus
mo phíopa á chaitheamh agam ar mo
shuaimhneas.

Pink Gin agus Cara

Údar: Jim
Dáta: 2020-11-14 12:51:28

Thug sí toitín amach as a cása, agus choinnigh Jim suas lasán díthe.

"Inis domh, a Mhr. Maitland, an bhfuil duifear mór idir sinne agus an t-aos óg a bhí ann roimh an chogadh?"

I ndiaidh do Phercy é a thabhairt sa charr chuig Hampstead, agus cead isteach a fháil daofa le focal folaigh, 'Pink Gin agus cara', ligtear isteach iad agus théid siad síos chuig an tsailéar, áit a gcasann Jim agus Judy ar a chéile den chéad iarraidh. Bheir Judy chuig an choirnéal é. Iompraíonn seisean na cuisíní. An nead déanta, suíonn siad síos lena chéile. Tá leann ann; tá scadáin leasaithe ann; agus tá toitíní ann.

Cuireann Judy tús leis an chomhrá. Ba mhaith léi tuairim Jim a fháil faoin aos óg, mar a bhí roimh an chogadh agus mar atá anois.

"Ceist chineál dheacair í sin," ar seisean ag suí síos ag a taoibh. "Chaith mise, tá a fhios agat, chomh beag sin de am i Sasain ó bhí aimsir an chogaidh ann agus nach breitheamh iontach maith mé."

"Ach - seo." Thug sí a lámh thart an seomra.

"A Rí na Glóire!" ar seisean ag gáirí, "cad é an bhaint atá ag seo leis? Ní dadaidh seo: airghean bheag amháin in áit bhig amháin."

"Duine thusa den dream a dtugaimse an glún caillte orthu," ar sise. "An dream a dtabhairfeadh mo athair na meánoifigigh orthu."

D'amharc sé uirthi gan dadaidh a rá, nó chuir sé cineál mearbhaill air í a bheith chomh dáiríribh.

"Sular thoisigh an cogadh, bhí tusa san aois a bhfuill sinne anois," ar sí, "agus níor bheir barraíocht de stuaim na haoise ort go fóill. Acht tá chomh beag sin agaibh fágtha."

"Tá, tá sin fíor," ar seisean go smaointeach.

"Tá na seandaoine ann, agus tá sinne ann. Ach tá an dream idir eatarthu imithe - tusa agus do mhacasamhail féin eile."

"An glún caillte," ar seisean go mall. "Smaointeadh deas é sin."

"Seadh, agus sin an fáth ar chuir mé ceist ort cad é do thuairim dínn," ar sise. "Tá tusa ar dhuine den bheagán atá i ndon a innse."

Dhearg sé toitín eile sula dtug sé freagra uirthi.