Eolas Tae


Am Tae


Oiléan an Uafáis

Is aistriúchán Oileán an Uafáis ar Island of Terror, úrscéal a scríobh Sapper. Baineann an scéal le dúnmharbhú leathchúpla, le drong coirpeach danartha, le turas chomh fada le hoileán i Meiriceá Theas, le tóraíocht taiscidh ann, agus le bun-nádúr chontúirteach an duine.

Tá laoch ar leith sa scéal, Jim Maitland, eachtránaí cróga, a bhfuil an domhan ar fad siúlta aige, mar aon le col ceathrar amaideach dá chuid, agus cailín cliste dóighiúil, Judy, an leathchúpla nár dúnmharaíodh, ar ghá do Jim cuidiú léi sa dóigh go mbeadh díoltas aici as bás a dhearthára, agus taiscidh aici lena saol a dhéanamh sómhar. Imíonn siad leo, a dtriúr, chomh fada leis an Bhrasaíl, agus go gairid ina dhiaidh sin chuig an oileán féin, Oileán an Aonchrainn.

Níl Oileán an Aonchrainn i muinín a aonchrainn ó thaobh líon crann de. Tá foraois ar an oileán, agus seascann chomh maith. Agus tá rudaí móra gruagacha ar an oileán seo, nach bhfuil ar mhórán de na hoileáin. Is rudaí iad a bhfuil tréithe dá gcuid, agus iad go hiomlán taobh amuigh de thaithí Jim féin - rudaí is míle measa ná crogaill an oileáin, iad féin, dream fiaclach fíochmhar nach bhfuil gann fán abhainn ann. Mura leor sin, tá an dream cuairteoirí eile ann, iad siud atá cionntach i mbás an leathchúpla nach maireann, deartháir Judy, agus iad sa tóir ar an taiscidh chéanna.


Copyright © 2024 dogbox.com